Thomas Gildea
Question:305 D'fhiafraigh Mr. Gildea den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an míneoidh sí cén fáth ar ceadaíodh d'Údarás na Gaeltachta iascach chuan Theilinn a thabhairt ar ceadúnas do Chomhlucht Iascaireachta Shliabh Liag Teo. ar an 26 Feabhra 1993, nuair a aontaíonn Coiste Paróiste Chill Chartha, Coiste Paróiste Ghleann Cholm Cille agus Údarás na Gaeltachta iad féin nach raibh; agus nach bhfuil tacaíocht thromlach mhuintir na háite ag Comhlucht Iascaireachta Shliabh Liag Teo. [6062/99]