Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 23 Mar 1999

Vol. 502 No. 3

Written Answers. - Foras Uile Éireann.

Trevor Sargent

Question:

153 D'fhiafraigh Mr. Sargent den Aire Gnóthaí Eachtracha cén struchtúr a bheidh san fhoras uile-Éireann don Ghaeilge chun trasnáil, dúbailt agus iomaíocht idir an foras sin agus a Roinn féin a sheachaint; agus cé na bealaí cumarsáide a bheidh ann idir na heagrais dheonacha Gaeilge, a Roinn féin agus an foras nua. [6858/99]

Tá struchtúr agus feidhmeanna an Fhorais Teanga leagtha amach ins an Bille um Chomhaontú na Breataine-na hÉireann, 1999 atá le fáil i leabharlann an Oireachtais.

Faoin mBille tá sé beartaithe feidhmeanna áirithe a aistriú ó Bhord na Gaeilge, ón Roinn Oideachais agus Eolaíochta agus ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltacht agus Oileán go dtí an foras nua. I measc na bhfeidhmeanna seo, beidh maoiniú na n-eagraíochtaí deonacha Gaeilge. Ós rud é gur soiléir ón mBille na dualgais a bhéas ag an bhforas nua, ní fheictear dom go mbeidh aon trasnáil nó dúbailt i gceist. I dTuaisceart Éireann beidh an foras ag comhlíonadh dualgas nach raibh ar an stát-chóras go dtí seo.
Beidh an foras nua freagrach do Chomhairle na nAirí Thuaidh Theas agus dá bharr beidh dlúth-bhaint i gcónái ag na hAirí chuí, Thuaidh agus Theas, le polasaithe agus le feidhmiú an fhorais. Mar sin uile níl aon dabht, i mo thuairim, ach go mbeidh gach taobh – idir Ranna Stáit agus na heagraíochtaí deonacha – ag obair le céile mar is cóir.
Top
Share