Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 27 Apr 1999

Vol. 503 No. 6

Written Answers. - Íocaíochtaí Deontais.

Dinny McGinley

Question:

224 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an gceadófar deontas le haghaidh crainn tochrais do Ché Mhálanna Móire i nGleann Cholm Cille; agus cén uair a chuirfear an crann tochrais in áit. [10882/99]

Tá deontas £10,000 nó 50 per cent den chostas á thairiscint agam do Chomhairle Chontae Dhún na nGall mar chabhair chun na hoibreacha atá luaite ag an Teachta a chur i gcrích. Tá an deontas sin á thairiscint ar choinníoll go mbeidh an chomhairle chontae sásta fuílleach an chostais a íoc.

Tá i gceist go ndéanfar an obair i mbliana.

Dinny McGinley

Question:

225 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an bhfuil iarratas faighte ina Roinn ar dheontas a cheadú do dhréimire ar an ché ag Poll a' Mhadaí ar Árainn Mhór; agus an gceadófar an deontas gan mhoill. [10883/99]

I mí na Samhna 1998 fuair mo Roinnse iarratas ar son iascairí Árainn Mhóir ar dheontas le haghaidh dréimire nua a chur ar fáil ag Ché Pholl a' Mhadaí. Ta iarrtha ag mo oifigigh ar Chomhairle Chontae Dhún na nGall tuairisc maidir leis an obair seo a chur ar fáil. Ach an tuairisc sin a bheith faighte, déanfar an cás a mheas i gcomhthéacs iarratas eile agus an t-airgead atá ar fáil do mo Roinn.

Top
Share