Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 7 Oct 1999

Vol. 508 No. 5

Written Answers. - Scéim Labhairt na Gaeilge.

Pádraic McCormack

Question:

28 D'fhiafraigh Mr. Stanton den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an bhfuil sé i gceist aici meadú sa deontas Gaeilge i leith scoláirí ag freastal ar choláistí samhraidh a thabhairt isteach; cé méid a caitheadh ar an scéim seo anuraidh; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [19151/99]

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 28 agus Uimh. 41 le chéile.

Táim ag glacadh leis gur Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge atá i gceist ag an Teachta. D'íoc mo Roinnse £2.074m faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge i 1998. Choinnigh 730 teaghlaigh aitheanta sa Ghaeltacht foghlaimeoirí ar iostas faoin Scéim i 1998 agus meastar go mbeidh thart ar an líon céanna teaghlaigh i gceist i mbliana. Cé go bhfuiltear sásta go ginearálta leis an Scéim, cuirfear go mór le héifeacht na gColáistí nuair a chuirfear moltaí an Ghrúpa a rinne athbhreithniú ar na coinníollacha ginearálta a bhaineann leis na Coláistí Gaeilge Samhraidh i bhfeidhm. Tá súil agam cinnithe faoi na moltaí sin a dhéanamh go luath i gcomhairle leis an Roinn Oideachais agus Eolaíochta.

Méadaíodh an deontas laethúil a íoctar le teaghlaigh aitheanta faoin Scéim anuraidh agus níl aon chinneadh déanta maidir le méadú eile.

Top
Share