Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 7 Oct 1999

Vol. 508 No. 5

Written Answers. - Uiscebhealaí Intíre.

John Perry

Question:

29 D'fhiafraigh Mr. Perry den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán cé na moltaí atá aici chun oidhreacht, tionscail agus éiceolaíocht na n-uiscebhealaí intíre a chaomhnú. [19150/99]

Is eol don Teachta, ní foláir, go bhfuil an cuspóir sonrach seo a leanas leagtha síos sa Ráiteas Straitéise 1998-2000 de chuid mo Roinne-se:

"Polasaí agus straitéis a fhorbairt chun na huiscebhealaí intíre, a seandálaíocht tionsclaíoch agus a n-oidhreacht nádúrtha a athchóiriú agus a chosaint agus na deiseanna caithimh aimsire, taitneamhachta agus turasóireachta a bhaineann leo a fhorbairt."

Is féidir liom a dheimhniú don Teachta go dtugtar aird chuí ar chur i bhfeidhm an chuspóra sin sna gníomhaíochtaí a bhíonn idir lámha ag Rannán Uiscebhealaí mo Roinne-se. Ina thaobh sin de, dírím aird an Teachta ar an bhfreagra a thug mé inniu ar Cheist Dála Uimh 22.

Top
Share