Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 19 Oct 1999

Vol. 509 No. 4

Written Answers. - Riar Pinsin.

Trevor Sargent

Question:

295 D'fhiafraigh Mr. Sargent den Aire Gnóthaí Sóisialacha, Pobail agus Teaghlaigh ar smaoinigh sé riamh ar liúntas a thabhairt do dhaoine a bhíonn ar phinsin chun costas scéimeanna sláinte VHI nó BUPA a laghdú; agus cén moladh atá déanta aige don Roinn Airgeadais dá réir. [20654/99]

Mar is eol don Teachta, tá beartas maidir le gnóthaí sláinte ginearálta mar chúram ag mo chomhleacaí, an tAire Sláinte agus Leanaí, agus tá cursaí lacáiste cánach i dtreo costas árachas sláinte phríobháideach mar chúram ag mo chomhleacaí an tAire Airgeadais.

Níl aon phairt ag an gcoras leasa shóisialach sa cheist seo. Maidir le íocaíochtaí leasa shoisialach le daoine a bheadh tagtha in inmhe, ba mhaith liom aire an Teachta a stiúradh ar gheall an Rialtais seo chun ráta pinsin sean aoise a árdú go £100 in aghaidh na seachtaine faoi 2002. Ar an gcuma sin, rinne an ardú £11 atá tagtha sa ráta pinsin pearsanta de bharr an dá cháineisnéis deireannach ionruathar ar an gheall seo a chur i gcríoch. Ar ndoigh, caithfear feabhsaithe cosúla a chur i gcríoch thar saol an Rialtais agus tá me i gcuntas ag daingniú mo rún é seo a dhéanamh.
Top
Share