Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 18 Nov 1999

Vol. 511 No. 2

Other Questions. - Infheistíocht sa nGaeltacht.

Eamon Gilmore

Question:

5 D'fhiafraigh Mr. Gilmore den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán cén obair atá idir lámha aici le hinfheistíocht in infrastruchtúr na gaeltachta a mhéadú; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [23704/99]

Tá méadú mór de bhreis ar 75% tagtha ar an soláthar airgid atá curtha ar fáil ó 1997 i leith do Scéimeanna Feabhsúcháin mo Roinne chun an t-infrastruchtúr sa Ghaeltacht a fheabhsú agus a fhorbairt – ó £2.56 milliún i 1997 go £4.5 milliún don bhliain 2000.

Maidir leis an mbliain reatha cheadaigh mé cúnamh substaintiúil breise de £2.152 milliún le haghaidh infrastruchtúr na Gaeltachta le déanaí, anuas ar an mbunsoláthar de £3.2 milliún a bhí ar fáil dom le haghaidh na Scéimeanna Feabhsúcháin sna Meastacháin.

Tá cúram na n-oileán ar mo Roinnse ó mhí Iúil 1997 agus tá ciste ar leith ar fáil dom d'fhorbairt na n-oileán ina measc oileáin Ghaeltachta. Faoin soláthar airgid sin – atá méadaithe ó £1 milliún i 1997 – go £5 milliún don bhliain 2000 – tá cúnamh substantúil ceadaithe agam chun infrastruchtur na n-oileán Gaeltachta a fhorbairt.

Ar ndoigh, tá gnéithe d'infrastruchtúr na Gaeltachta ag baint le hobair Ranna eile – go háirithe an Roinn Comhshaoil agus Rialtais Áitúil – agus bionn teagmháil rialta idir mo Roinnse agus Ranna eile maidir le hinfheistíocht in infrastruchtúr na Gaeltachta.

Tá áthas orm a rá freisin go bhfuil airgead suntasach á chur ar fáil sa Phlean Forbartha Náisiúnta a fógraíodh le déanaí chun tuilleadh feabhais a chur ar infrastruchtúr na Gaeltachta.

Fáiltím roimh an t-airgead sa bhreis. Maidir leis an airgead atá le caitheamh ar infrastruchtúr, an mbeidh aon chuid de sin á chaitheamh ar thalamh a chur ar fáil do thithíocht i gceantair Ghaeltachta? Nach bhfuil sé práinneach anois os rud é go bhfuil airgead mar seo á chaitheamh go mbeadh ceist theorainn na Gaeltachta réitithe go luath? Tá fhios agam go bhfuil scéim ar intinn ag an Aire Stáit ach má tá ceantair ann nach mbeidh sa Ghaeltacht amach anseo – agus b'fhéidir go bhfuil sé soiléir go leor gur mar sin a bheidh – an bhfuil sé cóir nó ceart go mbeadh airgead don Ghaeltacht á chaitheamh ar cheantair mar sin?

Ní bheidh aon athrú tobann ar theorainneacha na Gaeltachta. Ach tá cuid mhaith den infrastruchtúr is measa sa Ghaeltacht sna ceantair is láidre labhartha Gaeilge agus mar sin ní bhaineann an cheist le h-ábhar. Sílim go bhfuil na pleananna atá ag an Roinn maidir leis an cheist seo réasúnta.

Thug an tAire Stáit le fios an lá cheana i gConamara go raibh cumhacht ag Údarás na Gaeltachta faoi láthair talamh a cheannach chun suíomh a chur ar fáil do mhuintir na Gaeltachta. Léigh mé an príomhAcht agus níl sé soiléir domsa go bhfuil an chumhacht sin acu. An bhfuil an tAire Stáit ag rá gan dabht ar bith go bhfuil an chumhacht agus an cead sin acu cé níor bhain siad úsáid as go dtí seo?

Ba mhaith liomsa ceist a chur maidir le tionchar na hinfheistíochta sin ar theanga labhartha na háite, ar an nGaeilge ach go háirithe. An bhfuil sé i gceist an tionchar sin a mheas agus má tá infrastruchtúir maith le bheith sa Ghaeltacht nach mbeidh fonn ar dhaoine gan Gaeilge lonnú sa Ghaeltacht? An raghaidh sé sin i gcoinne príomh-chuspóirí na Roinne?

Gabh mo leithscéal. Nuair a d'fhreagair mé an chéad cheist rinne mé dearmad tagairt a dhéanamh don cheist seo.

Deir Acht an Údaráis go bhfuil sé mar phríomh chuspóir ag Údarás na Gaeltachta an teanga Ghaeilge a chaomhnú mar ghnáththeanga labhartha an phobail sa Ghaeltacht. Chun na críche sin, má bhreathnaíonn tú ar an Acht, tá cead acu talamh a cheannach agus mar sin de. Mar sin, ní fheicim fadhb ar bith maidir le ceannach talún agus go deimhin féin cheannaigh Gaeltarra agus an tÚdarás talamh le haghaidh tithíochta do bhainisteoirí sa Ghaeltacht.

Nuair a tháinig mé isteach sa Roinn cuireadh ceist orm maidir le tionscnamh a bhain le Ráth Cairn. Chuir mé ar ais ag an Údarás é agus dúirt mé gur cheist don Údarás a bhí ann agus nach raibh mise ag cur laincis ar bith orthu. Tá an cheist pléite agam leis an Údarás ó shin faoi dhó agus tá curtha in iúl dóibh agam, go mór mhór i gcomhthéacs áit go bhfuil, mar shampla, comharchumann ag iarraidh tithíocht agus cóiríocht a chur ar fáil agus go mbeidís sásta déanamh cinnte gur ar mhaithe le Gaeilgeoirí na Gaeltachta a bheadh sé, go mbeadh mé báiúil go dtabharfaí faoin obair sin. Níl ráite ag an Údarás iad féin go bhfuil aon bhac orthu agus is é an chomhairle atá agamsa nach bhfuil.

Maidir leis an cheist a thóg an Teachta Sargent, ní fheicim aon bhaint, muna bhainim mí-úsáid as, idir feabhsú infrastructhúir agus díothú na Gaeltachta. Go deimhin féin cuireann sé olc orm nuair a cheapann daoine gur féidir an Ghaeltacht a shábháil trí í a choinneáil i bhfad siar agus iargúlta. Maróidh sé sin an Ghaeltacht chomh scioptha le rud ar bith mar ní bheidh duine ar bith fágtha i gceantar nach féidir fáil isteach nó amach as go héasca. Mar sin tá gá le infrastruchtúr den scoth le go mairfeadh an Ghaeltacht agus go mbeadh slí maireachtála sásúil ag muintir na Gaeltachta. Tá an ceart sin ag pobal na Gaeltachta ach an oiread le pobal ar bith eile sa tír. Ach cuirfidh mé an fainic seo. Níl aon amhras ann i gcomhthéacs na ceiste go ginearálta agus fás eacnamaíochta agus go mór mhór i gcomhthéacs imeall na cathrach i nGaillimh agus an rud atá ag tarlú ar imeall Dhún Gharbháin sa Rinn i bPortláirge, go bhfuil gá déanamh cinnte gur ar mhaithe le Gaeilgeoirí na Gaeltachta agus an dream atá sásta an Ghaeilge a choinneáil á labhairt sa Ghaeltacht atá an t-infrastruchtúr ann.

An chéad cheist eile.

Chuige sin fáiltím roimh na forálacha sa Bhille Pleanála, an chéad foráil a cuireadh riamh ann maidir le cúrsaí pleanála sa Ghaeltacht.

Top
Share