Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 1 Dec 1999

Vol. 512 No. 1

Written Answers. - Múineadh Eolaíochta.

Trevor Sargent

Question:

216 D'fhiafraigh Mr. Sargent den Aire Oideachais agus Eolaíochta an nglacann sé leis gur gá céimithe eolaíochta a mhealladh i dtreo na múinteoireachta; agus, chuige sin, an mbunóidh sé scoláireachtaí do chéimithe fisice agus ceimice that tréimhse cúig bliana mar thús mar atá molta ag Comhairle Eolaíochata, Teicneolaíochta agus Nuálaíochta na hÉireann. [25559/99]

Aontaím leis an Teachta go gcaithfear céimithe eolaíochta a mhealladh i dtreo na múinteoireachta. Agus an méid sin ráite, níl aon phlean agam faoi láthair scéim scoláireachtaí a bhunú do chéimithe na fisice agus na ceimice chun dul i mbun traenála mar mhúinteoirí. Sa chomhthéacs seo, áfach, is féidir liom a rá go bhfuil cúrsa nua comhchéimeach ar fáil in Ollscoil Chathair Átha Cliath, DCU, bhfaigheann an mac léinn nó an iníon léinn céim san eolaíocht agus sa mhúinteoireacht ag an am gcéanna. Tá an córas seo i bhfeidhm cheana in Ollscoil Luimní agus tuigtear dom go bhfuil éileamh air agus go bhfuil forbairt agus leathnú déanta air le gairid.

Top
Share