Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 1 Dec 1999

Vol. 512 No. 1

Written Answers. - Measúnú Praiticiúil.

Trevor Sargent

Question:

217 D'fhiafraigh Mr. Sargent den Aire Oideachais agus Eolaíochta an dtabharfaidh sé isteach ar mhaithe le cur chun cinn na heolaíochta measúnú praiticiúil bunaithe sna scoileanna taobh istigh de thrí bliana mar atá molta ag Comhairle Eolaíochta, Teicneolaíochta agus Nuálaíochta na hÉireann. [25560/99]

Tá leagan amach an mheasúnaithe sna scrúdaithe Stáit mar chúram ar an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnaithe agus is í an Roinn Oideachais agus Eolaíochta a chuireann an leagan amach sin i bhfeidhm i bhfoirm scrúduithe Stáit. Is comhpháirtíocht idir ionadaithe na Roinne, bainisteoirí na scoileanna, cumann gairmoideachais na hÉireann, ionadaithe na nollscoileanna, ceardchumainn na múinteoirí agus ionadaithe ó na cumainn ábhair atá sa chomhairle agus sna fochoistí éagsúla.

Ag leibhéal na hArdteistiméireachta tá béim ar obair phraiticiúil sna siollabais eolaíochta mar atá siad faoi láthair agus sna siollabais nua atá le cur i bhfeidhm go luath. Táim den tuairim gur maith an rud é sin, agus go bhfaigheann daltaí seilbh ar scileanna tábhachtacha trí obair phraiticiúil thurgnamhach a dhéanamh sa rang. Sa bhliain 1997 thug mo Roinnse faoi staidéar féideartheachta i measúnú praiticiúil san fhisic agus sa cheimic. Is oth liom a rá, áfach, nach bhféadfaí aon chonclúid a bhaint as na torthaí. Tugadh faoi staidéar eile ó shin agus tá torthaí an staidéir sin á scrúdú faoi láthair. Sular gcuirtear aon mhúnla faoi leith i bhfeidhm sna scoileanna caithfear a chinntiú go mbeidh an múnla sin fiúntach agus éifeachtach ó thaobh na dtorthaí de. Idir an dá linn, tá sé i gceist na siollabais nua san fhisic agus sa cheimic a chur ar siúl sna scoileanna i mí Meán Fómhair seo chugainn.
Tá impleachtaí go leor i gceist le cinneadh a dhéanamh chun measúnú praiticiúil a chur ar bun ó thaobh acmhainní daonna agus acmhainní fisiciúla de. Tá clár curtha ar siúl chun feabhas a chur ar acmhainní saotharlainne agus tá sé i gceist go mbeadh bunús ceart i ngach scoil sa tír chun an eolaíocht a mhúineadh.
Tá cúrsaí traenála ar siúl faoi láthair ar fud na tíre do mhúinteoirí eolaíochta chun a gcur ar a gcumas a bheith ábalta tabhairt faoin obair phraiticiúil sa tsaotharlann.
Ag leibhéal an Teastais Shóisearaigh tá sé aitheanta anois go bhfuil réimse ró-chúng a d'ábaltachtaí á measúnú ag an gcóras mar atá sé faoi láthair, agus chomh maith leis sin nach bhfuil an measúnú a dhéantar ag teacht leis na haidhmeanna sna siollabais éagsúla, eolaíocht ach go háirithe. Tá brú mór ar an gcuraclam faoi láthair agus coimhlint idir na hábhair éagsúla ó thaobh ama de. Táthar ag tabhairt faoi phróiseas comhairleach leis na páirtnéirí éagsúla faoi láthair chun an fhadhb seo a leigheas.
Top
Share