Dinny McGinley
Question:315 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Comhshaoil agus Rialtais Áitiúil an bhfuil socrú déanta leis an áisíneacht atá i mbun thrialacha náisiúnta na ngluaisteán seirbhís trí Ghaeilge a chur ar fáil do mhuintir na Gaeltachta agus d'aon duine eile a éilíonn í agus an mbeidh Gaeilge á húsáid i gcomhairleoireacht, i gcomhfhreagras agus ar na dioscaí a chuirfear ar fáil. [27115/99]