Caoimhghín Ó Caoláin
Question:637 D'fhiafraigh Caoimhghín Ó Caoláin den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán os rud é go bhfuil sraith Éireannach againn d'uimhreacha ISSN d'irisí srl agus sraith Éireannach le tamall anois d'uimhreacha EAN do channaí pónairí srl, cathain a bheidh sraith Éireannach d'uimhreacha ISBN curtha ar fáil ag áisíneachtaí an Stáit do leabhair a fhoilsítear anseo. [1765/00]