Ceapadh Dumhach Trá/ Inbhear Tolca mar Ceantar Speisialta Chosanta faoi réir Ionstraim Reachtúil (I.R.) 59 de 1994 ar 16ú Márta 1994.
Leathnaíodh an suíomh taréís gearán ón gComhphobal Eorpach P98/5122 agus P99/4209 faoi réir I.R. 367 de 1999 .i. (Rialachán na gComhphobal Eorpach) (Ein Fhiáine a Chaomhnú)(Leasú), 1999. Foilsíodh an I.R. seo in Iris Oifigiúil 14ú Mí na Nollag 1999.
Cuirfear bolscaireacht sna nuachtáin an tseachtain seo go bhfuil an suíomh leathnaithe mar a bhí beartaithe. Tá cosaint iomlán faoin dlí ag an suíomh seo faoi réir Rialachán na gComhphobal Eorpach (Gnáthóga Nádúrtha), 1997.
Tá dualgaisí ag go leor Udaráis maidir leis an suíomh seo a chosaint, mo Roinn-se san áireamh agus más gá, d'fhéadfadh an t-údarás iomchuí dul os chomhair cúirte chun fiabheatha an laithreáin a chosaint.