Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 1 Feb 2000

Vol. 513 No. 3

Written Answers. - Ionaid Eolaíochtaí.

Trevor Sargent

Question:

262 D'fhiafraigh Mr. Sargent den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an gcuirfidh sí líonra d'ionaid eolaíochta ar bun i gcomhpháirtíocht leis an Roinn Oideachais agus Eolaíochta mar atá molta ag Comhairle Eolaíochta, Teicneolaíochta agus Nuálaíochta na hÉireann (Deireadh Fómhair 1999). [2191/00]

Is eol dom go bhfuil bunú líonra d'ionaid eolaíochta ag an Roinn Oideachais agus Eolaíochta i gcomhpháirtíocht le mo Roinn-se molta ag Comhairle Eolaíochta, Teicneolaíochta agus Nualaíochta na hÉireann.

Is leis an Aire Oideachais agus Eolaíochta a bhaineann an moladh seo i dtosach báire.

Top
Share