Tá a lán scéimeanna ag mo Roinnse faoi láthair chun úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht a chaomhnú agus a a fhorbairt. Tá mé, freisin, ag scrúdú na féidearthachta maidir le stráitéis teanga a chur i bhfeidhm i gceantair áirithe Gaeltachta ar bhonn phíolóiteach. Tá súil agam fógra a dhéanamh faoi seo go luath.
Is í an bhunaidhm atá ag caiteachas mo Roinnse agus caiteachas Údarás na Gaeltachta sa Ghaeltacht na úsáid na Gaeilge inti a chaomhnú agus a fhorbairt chomh maith le caighdeán mhaireachtála mhuintir na Gaeltachta a fheabhsú. Chun na críche sin tá £10.2 milliún curtha ar fáíl do mo Roinnse ins na meastacháin i mbliana chomh maith le £31.15 milliún do Údarás na Gaeltachta. Tá curtha in iúl agam cheana go bhfuil i gceist agam moladh don Rialtas coimisiún a bhunú chun na fadhbanna a bhaineann leis an teanga sa Ghaeltacht a aithint agus leigheasanna a mholadh.