Maidir leis an nGaeilge sa chuid eile den tír lasmuigh den Ghaeltacht is é lárchuspóir polasaí mo Roinnse ná a húsáid a leathnú.
I mbliana díreofar ar an mBille Comhionnanas Teanga a sholáthróidh go mbeidh an ceart dlíthúil ag saoránaigh a ngnó a dhéanamh leis an Státchóras trí Ghaeilge má thograíonn siad amhlaidh agus gur gá go gcuirfí seirbhís trí Ghaeilge ar fáil a bheadh ar chomhchéim le seirbhís trí Bhéarla.
Beidh obair mhór le déanamh ag an Áisínteacht Ghaeilge den Fhoras Teanga chun an Ghaeilge a chur chun cinn ar bhonn uile-oileánda agus cuirfear acmhainní dóthaineacha ar fáil di chun na críche sin.
Leanfar ag cabhrú le tionscadail éagsúla fiúntacha Gaeilge trí Chiste na Gaeilge.