Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 1 Feb 2000

Vol. 513 No. 3

Priority Questions. - An Foras Teanga.

Donal Carey

Question:

75 D'fhiafraigh Mr. D. Carey den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an ndéanfaidh sí ráiteas faoin mbonn nua trasteorann i leith stádas na teanga agus forbairt na Gaeilge. [2540/00]

Bunaíodh an Foras Teanga ar 2 Nollaig 1999 nuair a tháinig an tAcht um Chomhaontú na Breataine/na hÉireann, 1999, i bhfeidhm. Tá cumhachtaí agus feidhmeanna an fhorais sonraithe san Acht sin. Tá comhaltaí an fhorais – a bhfuil áisínteachtaí Gaeilge agus Ultais mar chodanna ar leith de – ceaptha anois agus tá na cathaoirligh ar an dá áisínteacht roghnaithe ag an gComhairle Aireachta Thuaidh/Theas. Is ceist don áisínteacht Ghaeilge den fhoras a cuid pleananna agus cláir oibre a ullmhú i gcomhréir lena feidhmeanna maidir le cur chun cinn na Gaeilge ar bhonn uile-oileánda.

An bhfuil fonn ar an Aire go rachaidh na cathaoirligh nua i gcomhairle le heagrais dheonacha ar an dtaobh seo den tír a reachtálann imeachtaí trasteorannacha? An mbeidh tuairimí na n-eagras á lorg agus á n-úsáid ag na cathaoirligh?

Ó thaobh na Gaeilge de, is cuid lárnach na heagrais dheonacha. Chomh maith leis sin, tá maoiniú chuid mhaith de na heagrais dheonacha anois faoin bhForas Teanga agus bhéadh súil agam go mbeadh comhoibriú idir na heagrais dheonacha agus an Foras Teanga. Ar an gcúis sin, tá roinnt daoine go raibh baint lárnach acu leis na heagrais dheonacha ar an bhforas trasteorann anois.

An iad tuairimí Bhord na Gaeilge amháin a bheas san áireamh? An mbeidh comhairle á ghlacadh ó Chonradh na Gaeilge agus ó na heagrais dheonacha eile ag na cathaoirligh?

Tá sé suas do bhord an Fhorais Teanga a ghnótha féin a reachtáil. Is fiú a nótáil, mar shampla, go bhfuil iar-uachtarán Chonradh na Gaeilge mar bhall den Fhoras Teanga. Ceann de na fáthanna gur deineadh sin ná go raibh gá go mbeadh daoine ar an bhforas a mbeadh muinín ag na heagrais dheonacha astu. Tá saol na Gaeilge beag agus níl aon amhras orm ach go mbeidh comhoibriú idir an foras mar atá sé i láthair na huaire agus na heagrais dheonacha. Caithfear cuimhneamh nach raibh aon bhaint ag bunáite na n-eagras deonach le Bord na Gaeilge mar a bhí, mar go raibh siad á maoiniú go díreach ag an Roinn agus tá deireadh curtha leis an socrú sin. Aon ghluaiseacht amháin ag obair le chéile a bheas ann agus sin an rud gur mhaith liom a fheiceáil.

An bhfuil an tAire Stáit in ann ainmneacha bhaill an fhorais a thabhairt don Teach?

Is féidir liom socrú go gcuirfear na hainmneacha chuig an Teachta taobh istigh de lá nó dhó. Tá siad ar fad ar fáil. Tá cuid mhaith acu de ghlan mheabhair agam ach b'fhearr liom iad a thabhairt i scríbhinn, ar mhaithe le cruinneas.

Top
Share