Dinny McGinley
Question:368 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán cén uair a chuirfear crann tochrais ar fáil ag cé Mhálainn Mhóir i nGleann Cholm Cille. [3403/00]
Vol. 513 No. 6
368 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán cén uair a chuirfear crann tochrais ar fáil ag cé Mhálainn Mhóir i nGleann Cholm Cille. [3403/00]
Dírim áird an Teachta ar an bhfreagra a thug mé ar Cheist Dála Uimhir 224 den 27 Aibreán 1999.
Tuigim ón gComhairle Contae go bhfuil an crann tochrais faighte acu agus go bhfuil siad ag fanacht leis an mBord Soláthar Leictreachais le cumhacht a chur ar fáil ar an láthair.
Tá súil ag an gcomhairle contae go mbeidh an obair go léir críochnaithe go luath agus in am do shéasúr na ngliomhach ach go háirithe.