Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 8 Feb 2000

Vol. 513 No. 6

Written Answers. - Fostaíocht Gaeltachta.

Dinny McGinley

Question:

369 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an bhfuil aon phleananna le réamh-mhonarcha a thógáil agus fostaíocht a chruthú i gceantar Ghleann Cholm Cille i nDún na nGall. [3404/00]

Dírím aird an Teachta ar an bhfreagra a thug mé ar Cheist Uimh. 201 den 15 Nollaig 1999. Mar is eol don Teachta is gnó don Údarás cinnithe a dhéanamh maidir le lonnú tionscail agus cruthú fostaíochta in aon cheantar faoi leith.

Tuigim ó Údarás na Gaeltachta go mbíonn iarrachtaí leanúnacha ar bun acu d'fhonn deiseanna fostaíochta a aimsiú don cheantar. I measc na nithe atá curtha i gcrích le blianta beaga anuas tá réamhspás tógtha acu agus ligthe le gnó áitiúil, tá cúnamh tugtha acu chun seanscoil a chóiriú mar ionad gnó agus tá cúnamh curtha ar fáil do thionscail áitiúla i réimsí éagsúla gnó; go bhfuil méadú tagtha, i dtionscail sa cheantar a fuair cúnamh uathu, ar an bhfostaíocht pháirtaimseartha agus shéasúrach; agus go gcoinneoidh siad na riachtanais spáis agus moltaí ina leith faoi bhreithniú, i gcomhthéacs na béime atá á cur acu le tamall anuas ar cheantair thearcfhorbartha.

Top
Share