Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 16 Feb 2000

Vol. 514 No. 4

Written Answers. - Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge.

Dinny McGinley

Question:

176 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán cad é an táille laethúil a íocann a Roinn leis na mná tí a choinníonn scoláirí sna coláistí samhraidh; an dáta deireanach a ardaíodh an táille; agus an bhfuil sé ar intinn ardú fiúntach a cheadú do na mná tí i mbliana. [4642/00]

Faoi mar a dfhógair mé inniu tá an deontas laethúil a íoctar faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge á mheadú go dtí £5 i mbliana. Ciallaíonn sé sin go bhfuil méadú 25% tagtha ar an deontas seo ó tháinig mé go dtí an Roinn i 1997. Méadaíodh an deontas cheana i 1998.

Top
Share