Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 29 Feb 2000

Vol. 515 No. 3

Written Answers. - Monarcha Éisc.

Dinny McGinley

Question:

274 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an bhfuil tionscal próiseála éisc ceadaithe do Chill Chartha; cén uair a ceadaíodh é; agus cén uair a bheidh an tionscal ag dul i mbun táirgíochta. [6165/00]

Is gnó é seo d'Údarás na Gaeltachta. Tuigim ón Údarás, áfach, gur cheadaigh siad togra nua próiseála éisc d'iarmhonarcha Luach Breise Teoranta i mí na Samhna 1999; go bhfuil an obair réitithe idir lámha; agus go bhfuil súil leis go rachaidh an gnó i mbun tairgíochta laistigh de roinnt seachtainí.

Top
Share