Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 29 Mar 2000

Vol. 517 No. 1

Written Answers. - Grúpaí Úsáideoirí Iompair.

Trevor Sargent

Question:

87 D'fhiafraigh Mr. Sargent den Aire Fiontar Poiblí cén tacaíocht is féidir léi a thabhairt do ghrúpaí úsáideoirí iompair cosúil le grúpaí mar sin sa Bhreatain a fhaigheann tacaíocht airgeadais ón Stát. [9144/00]

Níl sé i gceist agam airgead ó Chiste an Stáit a chur ar fáil do ghrúpaí mar seo. Is soiléir domsa gur easpa infheistíochta i seirbhísí bus agus traenacha thar na mblianta atá chaite an príomh chúis le h-imní na ngrúpaí seo. Tá geallúint tugtha ag an Rialtas an polasaí seo a aisiompú leis an infheistíocht do £2.2 billiún atá le chaitheamh ar iompar poiblí ins na seacht mbliana atá romhainn.

Top
Share