Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 12 Apr 2000

Vol. 518 No. 1

Written Answers. - Cursaí Tenga.

Proinsias De Rossa

Question:

53 D'fhiafraigh Proinsias De Rossa den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an raibh cainteanna aici le hionadaithe ó Chomhthionól na Breataine Bige ar chúrsaí teanga; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [10916/00]

Proinsias De Rossa

Question:

55 D'fhiafraigh Proinsias De Rossa den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an raibh cainteanna aici le hionadaithe ó Pharlaimint na hAlban ar chúrsaí teanga; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [10915/00]

Tógfaidh mé Ceist Uimh. 53 agus Uimh. 55 le chéile.

Bhuail mé le John Marek M.P. agus le David Davies, toscaireacht ó Chomhthionól na Breataine Bige i dTeach Laighean ar 24 Feabhra. Rinneamar plé ghinearálta ar chúrsaí teanga an Bille Comhionannais um Theangacha Oifigiúla ina measc.

Le tamaillín anuas bhuail mé le hAirí ó Albain ó thráth go chéile agus bhí plé ghinearálta eadrainn maidir le cúrsaí teanga ach go háirithe.

Ar 19 Deireadh Fómhair 1999 bhuail mé le Brian Wilson M.P., Aire Stáit in Oifig na hAlban, nuair a thug sé cuairt ar Ghaillimh le linn Féile 2000. Bhuail mé le hAire na Gaidhilge, Alistair Morrison M.S.P., ar 14 Nollaig 1999 i mBaile Átha Cliath. Bhuail mé arís leis an dá Aire agus mé i nDoire le linn Parlaimint na nÓg ar 18 Márta a eagraíodh faoi choimirce Iomairt Cholm Cille – tionscnamh idir an Stát seo, Alba agus Tuaisceart Éireann atá mar chuspóir aige caidreamh níos fearr a chothú idir cainteoirí Gaeilge sna trí réigiún ar leith.

Tá sé tábhachtach go mbeadh teagmháil rialta idir lucht na Gaeilge agus áisínteachtaí Gaeilge sa tír seo lena macasamhail in Albain agus sa Bhreatain Bhig d'fhonn eolas a mhalartú maidir le cúrsaí teanga agus ar mhaithe le foghlaim óna chéile maidir le forbairt teanga.
Top
Share