Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 11 Oct 2000

Vol. 523 No. 5

Written Answers. - Scéim na mBóithre Áise.

Dinny McGinley

Question:

246 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán ar dáileadh airgead do bhóithre áise ar na hoileáin go fóill; agus cén tsuim a ceadaíodh i leith gach oileáin gaeltachta. [21512/00]

Níl aon scéim ar leith ag mo Roinnse le haghaidh deontais a cheadú d'oibreacha ar bhóithre áise ar na hoileáin. Tá socraithe agam, áfach, go n-íocfaí deontais i leith bóithre áise agus bóithre chontae ar na hoileáin Gaeltachta agus ar na hoileáin nach oileáin Gaeltachta iad as an soláthar airgid atá agam i gcomhair forbairt na n-oileán. Tá liosta leis seo den mhéid airgid a ceadaíodh i leith bóithre Condae agus bóithre áise ar gach oileán i 2000.

Oileáin Gaeltachta

Ceadaithe i 2000

£

Co. Dhún na nGall

Árann Mór

76,000

Toraigh

15,000

Inis Bó Finne

10,000

Gabhla

14,000

Inis Fraoich

15,000

Co. Mhaigh Eo

Inis Bigil

10,000

Co. na Gaillimhe

Inis Mór

97,852

Inis Meáin

12,750

Inis Oírr

107,945

Co. Chorcaí

Oileán Chléire

42,000

Iomlán

400,547

Oileáin taobh amuigh den Ghaeltacht

Ceadaithe i 2000£

Co. Mhaigh Eo

Inis Toirc

40,000

Oileán Chliara

63,500

Co. na Gaillimhe

Inis Bó Finne

72,475

Oileán Iomaí

12,500

Co. Chorcaí

Faoide

22,500

Oileán Baoi

14,500

Béara

8,250

Inis Uí Dhrisceoil

17,250

Oileán Fada

7,750

Inis Earcáin

60,350

Iomlán

319,075

Top
Share