Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 11 Oct 2000

Vol. 523 No. 5

Written Answers. - Ionad Banaltrais Ghaoth Dobhair.

Dinny McGinley

Question:

244 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an cinneadh a bhfuil déanta deontas a cheadú d'Ionad Banaltrais Ghaoth Dobhair; céard é méid an deontais a ceadaíodh; agus cén uair a chuirfear tús leis an obair. [21510/00]

Is gnó d'Údarás na Gaeltachta amháin ábhar na ceiste seo. Tuigim ón Údarás áfach gur cheadaigh an eagraíocht cúnamh, faoi choinníollacha, do Choiste Chúram Práinne Ghaoth Dobhair le forbairt a dhéanamh ar an Ionad Banaltrais i gceist i mí an Mheithimh seo caite; agus go bhfuil aontaithe ag na rannpháirtithe sa togra, i.e., Coiste Cúram Práinne Ghaoth Dobhair, Bord Sláinte an Iar-Thuaiscirt agus an tÚdarás, nach ndéanfar aon phoiblíocht faoi aon ghné den togra, an cúnamh atá ceadaithe ag an Údarás san áireamh, go dtí go mbeidh socrú déanta faoi gach cuid de.

Top
Share