Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 14 Nov 2000

Vol. 525 No. 5

Written Answers. - Foras na Gaeilge.

Eamon Gilmore

Question:

111 D'fhiafraigh Mr. Gilmore den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an bhfuil aon taighde déanta go fóill ag Foras na Gaeilge i dtaca leis an nGaeilge agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [25588/00]

Faoin Acht um Chomhaontú na Breataine-na hÉireann, 1999, tá cúram taighde leagtha ar Fhoras na Gaeilge den fhoras teanga – go háirithe taighde sa réimse oideachais. Chomh maith leis sin, déanann an foras clár taighde a choimisiúniú mar cabhair chun polasaithe a bheachtú i roinnt mór-réimsí ó Thuaidh agus ó Dheas.

Tá obair taighde déanta nó táthar ag tabhairt fúithi i mbliana sna réimsí seo a leanas: dearcadh, cumas agus úsáid na Gaeilge sa phobal: tá coimisiúniú déanta ar thaighde ó Thuaidh agus ó Dheas ar na ceisteanna seo. Tá eolas á bhailiú faoi láthair agus beidh tuairisc ar fáil go luath san athbhliain; cúrsaí oideachais: ar choimisiún ón bhforas rinne ionad taighde na heolaíochta comhdhaonnaí, Coláiste na hOllscoile, BÁC taighde dar teideal "Torthaí Gaeilge na Scrúdaithe Teistiméireachta"; critéir mheasúnaithe: chun éifeacht scéimeanna atá á maoiniú ag an bhforas a thomhas go cruinn; agus na meáin chumarsáide: i gcomhar leis an gCoimisiún Neamhspléach um Raidió agus Teilifís rinneadh taighde ar ionad na Gaeilge sa chóras raidió neamhspléach.
Top
Share