Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 14 Nov 2000

Vol. 525 No. 5

Written Answers. - Clár Reachtach.

Donal Carey

Question:

114 D'fhiafraigh Mr. D. Carey den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán cén dul chun cinn atá déanta leis an mBille do Chearta na Gaeilge. [25615/00]

Dírím aird an Teachta ar an bhfreagra a thug mé ar Cheisteanna Uimh. 115 agus 117 den 4 Deireadh Fómhair. Tá an scéim ghinearálta den Bhille Comhionannais um Theangacha Oifigiúla á hullmhú faoi láthair le hintinn í a chur timpeall ar na Ranna Rialtais le haghaidh a gcuid tuairimí faoi dheireadh na míosa. Tá súil agam an scéim a chur faoi bhráid an Rialtais i mí Eanáir le ceadú. Bheadh an Bille le dréachtú ansin ag Oifig na nDréachtóirí Parlaiminte don Rialtas. Bheinn ag súil leis go bhfoilseofaí an Bille faoi lár na bliana 2001.

Top
Share