Cuimsíonn téarmaí tagartha an Choimisiúin faoin nGaeilge sa Ghaeltacht, a bhunaigh an Rialtas níos luaithe i mbliana, go réiteoidh an coimisiún moltaí i dtaca leis na critéir teangeolaíochta a mbainfí úsáid astu chun limistéir Gaeltachta a shocrú ar a n-áirítear córas chun cur le nó baint de na limistéir sin. Sna moltaí sin ní mór go dtógfaí san áireamh an gá le bonn nádúrtha tíreolaíochta agus pobail don Ghaeltacht agus an rol a d'fhéadfadh a bheith ag stádas Gaeltachta i dtaca le cur chun cinn agus buanú na teanga.
Ní bhfuair mé moladh go fóill ón gcoimisiún i dtaobh na ceiste.