Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 14 Nov 2000

Vol. 525 No. 5

Written Answers. - Páirceanna Náisiúnta.

Tony Killeen

Question:

128 D'fhiafraigh Mr. Killeen den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán cé mhéad cruinniú a bhí aici féin, nó ag oifigigh dá Roinn leis na grúpaí éagsúla a raibh suim acu i bPáirc Náisiúnta Bhoirne ó mhí Aibreán i mbliana agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [24223/00]

Minister for Arts, Heritage, Gaeltacht and the Islands (Miss de Valera)

Ba mhaith liom a rá i dtosach gur chas mé mar Aire le dreamanna éagsúla a bhí ar tuairimí éagsúla i dtaobh na nithe seo agus níor dhiúltaigh mé castáil le haon duine. Ar ndóigh tá go leor daoine agus grúpaí agus suim acu i bhforbairt Pháirc Náisiúnta na Bóirne agus labhraim mé le daoine trí chruinnithe foirméalta, cruinnithe neamh-fhoirméalta, ag mo chlinící rialta Dáilcheantair, agus trí ghlaonna gutháin. Dá bhrí sin, is deacair a bheith cruinn i dtaobh líon na gcruinnithe, nó teagbhálacha déanta, agam féin nó ag foireann mo Roinne.

Chas mé féin le muintir Kilfenora agus Corofin go minic agus arís le gairid i gcomhthéacs na tairisceana a chuir mé faoina mbráid go n-íocfaí deontais £500,000 an ceann leis na Coistí Pobail ar mhaithe le háiseanna cuairteoirí a fhorbairt ar ábhair a bhaineann le Páirc Náisiúnta na Bóirne. Mar is eol don Teachta, chas mé freisin le muintir Kilnaboy Community Development Association tar éis don Bhord Pleanála cinneadh a dhéanamh maidir le Mullagh Mór.

Beidh an Teachta ar an eolas freisin gur bhunaigh mé Coiste Comhairleach ar Oidhreacht na Bóirne i Márta 1999 agus chas an Choiste seo ar a chéile trí uaire déag on am sin. De bhrí go bhfuil ionadaíocht ar an gCoiste ó ghrúpaí dheonacha, pobail, agus dreamanna eile, in éineacht le hoifigigh ó údaráis poiblí cuí, is bealach an-úsáideach é ar mhaithe le dearcadh mhuintir na háite a nochtú domsa agus do na húdaráis chuí ar pholasaithe a mbíonn tionchar acu ar Thuaisceart an Chláir. Le gairid, fuarthas an chéad tuairisc ón gCoiste seo agus beidh mé á scrúdú go mion.
Tá mé reidh, mar a bhím i gcónaí, casadh le héinne faoi na cúrsaí seo.
Top
Share