Dinny McGinley
Question:340 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán cén uair a chuirfear crann tochrais ar fáil ag cé Mhálainn Mhór i nDún na nGall. [4732/01]
Vol. 530 No. 6
340 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán cén uair a chuirfear crann tochrais ar fáil ag cé Mhálainn Mhór i nDún na nGall. [4732/01]
Cheadaigh mo Roinn deontas £10,000 do Chomhairle Contae Dhún na nGall i 1999 mar chabhair chun na hoibreacha atá luaite ag an Teachta a chur i gcrích. Tuigim gur cuireadh an crann tochrais ar fáil anuraidh.