Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 20 Feb 2001

Vol. 530 No. 6

Written Answers. - Ballaí Cosanta Farraige.

Dinny McGinley

Question:

344 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an dtuigeann sí an géarghá atá le balla cosanta farraige ag an Bhaile Thiar, Oileán Thoraigh, agus an bhfuil sé ar intinn aici deontas a cheadú le haghaidh na hoibre. [4901/01]

Aithním go bhfuil gá le balla cosanta nua a thógáil ag an mBaile Thiar, Oileán Thoraí le haghaidh cosaint ón fharraige a thabhairt do na tithe sa mbaile sin, don bhóthar agus don chloigtheach – séadchomhartha náisiúnta den 6ú aois. Ar an mbonn sin, agus tar éis comhráití idir oifigigh de chuid mo Roinnse agus Comhairle Chontae Dhún na nGall maidir leis an togra seo, lorg an comhairle chontae tairiscintí don obair seo an fómhair seo chaite ar an tuiscint go mbeadh sé ag tosú láithreach. Ní bhfuarthas ach tairiscint amháin don obair, áfach, agus bhí an tairiscint sin i bhfad níos airde ná mar a bhíothas ag súil leis.

Tar éis d'innealtóirí de chuid mo Roinnse, an chomhairle chontae agus comhairleóirí a bhí fostaithe ag an gcomhairle don togra an tairiscint seo a scrúdú agus tar éis don chomhairle chontae dul i mbun comhráití leis an gconraitheóir a rinne an tairiscint, thángthas go dtí an tuairim go raibh an tairiscint ró-ard. Ar na cúinsí sin, thóg mé cinneadh gan ghlacadh leis an tairiscint sin ach a iarraidh ar Chomhairle Chontae Dhún na nGall tairiscintí nua a lorg ar an mbonn go mbeadh an obair le tosú in earrach na bliana seo nuair a bheadh tairbhe na laethanta fhada agus aimsir níos fearr ann agus, ar ndóigh, seans níos fearr tairiscint(í)níos réasúnta a fháil don obair dá bharr. Tuigtear ó Chomhairle Chontae Dhún na nGall go bhfuil tairiscintí nua faighte acu don obair seo anois agus táthar ag súil le hiarratas úr uathu ar chúnamh mo Roinnse i leith na hoibre seo go luath.
Top
Share