Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 21 Feb 2001

Vol. 531 No. 1

Written Answers. - Cúrsaí Ghaeilge.

Derek McDowell

Question:

17 D'fhiafraigh Mr. McDowell den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an bhfuil aon obair déanta aici i dtaobh theorainn na Gaeltachta; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [4992/01]

Michael D. Higgins

Question:

21 D'fhiafraigh Mr. M. Higgins den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an fáth nár scaip Coimisiún na Gaeltachta leabhráin agus ceistiúcháin i bparóiste Mhaigh Cuilinn, Contae na Gaillimhe; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [4985/01]

Derek McDowell

Question:

41 D'fhiafraigh Mr. McDowell den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán cathain a bheidh moltaí Choimisiún na Gaeltachta aici; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [4991/01]

Is mian liom Ceisteanna Uimh. 17, 21 agus 41 a thógáil le chéile.

Bhunaigh an Rialtas coimisiún faoin nGaeilge sa Gaeltacht i 2000 chun moltaí a dhéanamh maidir leis an nGaeilge a láidriú mar ghnáthurlabhra phobal na Gaeltachta. Iarradh ar an gcoimisiún, i measc rudaí eile, tairiscintí a réiteach i dtaca leis na critéir teangeolaíochta a d'úsáidfí chun limis téir Ghaeltachta a theorannú ar a n-áirítear córas le cur leis na limistéir sin nó baint uathu. Tá súil agam go mbeidh tuarascáil ar fáil ón gcoimisiún roimh dheireadh na bliana.
Maidir leis an mbileog eolais agus ceistneoir, tuigim ó rúnaí an choimisiúin gur scaip An Post, thar ceann an choimisiúin, 27,000 cóip de na foilseacháin seo ar sheoltaí poist na Gaeltachta. Ina measc sin scaipeadh 909 cóip den bhileog agus den cheistneoir i gceantar Mhaigh Cuilinn. Cuireadh na bileogaí go dtí ceantar 1 agus 2 i Maigh Cuilinn de réir An Post.
Top
Share