Eamon Gilmore
Question:18 D'fhiafraigh Mr. Gilmore den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán cad go díreach atá ag tarlú i dtaobh Bhille na Gaeilge; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [4986/01]
Vol. 531 No. 1
18 D'fhiafraigh Mr. Gilmore den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán cad go díreach atá ag tarlú i dtaobh Bhille na Gaeilge; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [4986/01]
Scaipeadh dréachtscéim ghinearálta den Bhille Comhionannais um Theangacha Oifigiúla ar na Ranna Stáit le haghaidh a gcuid tuairimí i rith na seachtaine seo caite. Ach na tuairimí sin a bheith faighte agus breithniú déanta orthu lorgófar cead an Rialtais don dréachtscéim. Leis an gcead sin a bheith faighte beidh an Bille le dréachtú ag Oifig na nDréachtóirí Parlaiminte don Rialtas mar ábhar práinne. Mar a dúirt mé cheana, bheinn ag súil leis go bhfoilseofaí an Bille faoi lár na bliana.