Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 6 Mar 2001

Vol. 532 No. 1

Written Answers. - Áiseanna do Ghaelscoileanna.

Brian O'Shea

Question:

390 D'fhiafraigh Mr. O'Shea den Aire Oideachais agus Eolaíochta cad iad na socruithe, más ann dóibh, atá aige chun grúpa oibre a earcú a rachaidh i mbun soláthair áiseanna teagaisc do scoileanna a mhúineann ábhair trí Ghaeilge, an mbeidh baint ag an ngrúpa seo leis an struchtúr nua atá le bunú faoi Alt 31 d'Acht Oideachais 1998 agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith. [6905/01]

Is maith is eol dom a thábhachtaí atá sé go mbeadh áiseanna feiliúnacha ar fáil do Ghaelscoileanna agus scoileanna Gaeltachta i dtaca le múineadh tré mheán na Gaeilge. Ba mhaith liom a dheimhniú don Teachta go mbeidh siad ar fáil agus tá dul chun cinn áirithe déanta ina leith seo le tamall anuas.

Faoi láthair, déanann An Gúm, atá anois ina chuid den Fhoras Teanga, idir bhuntéacsleabhair i nGaeilge agus aistriúcháin a sholáthar chun freastal ar bhunscoileanna agus ar iarbhunscoileanna ina ndéantar teagasc tré mheán na Gaeilge.

I gcás bunscoileanna, mar bheart eatramhach, d'eisigh mo Roinnse i nDeireadh Fómhair 2000 liosta fairsing d'ábhair atá ar fáil le haghaidh teagaisc trí Ghaeilge. De bhreis air sin, d'íoc mo Roinnse deontas áiseanna Gaeilge le gach Gaelscoil agus scoil Ghaeltachta i ndeireadh na Samhna/i dtús na Nollag. Fuair scoileanna deontas ab ionann agus £100 in aghaidh gach oide sna scoileanna sin agus fuair gach scoil íosmhéid de £500.
Freisin, tá saineolaí ar mhúineadh na Gaeilge ceaptha agam le gairid chun moltaí a chur ar fáil ar na háiseanna teagaisc agus foghlama atá ag teastáil. Amach anseo, déanfar scagadh ar na moltaí seo agus ceapfar buíon oibre chun áiseanna faoi leith a fhorbairt. Beidh an buíon oibre sin ag obair faoi threoir an struchtúir nua atá fós le bunú faoi Alt 31 den Acht Oideachais, 1998.
Top
Share