Dinny McGinley
Question:71 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán cén tionchar a imreoidh daingniú Chonradh Nice ar stádas na Gaeilge sa tír seo; an bhfuil comhairle a Roinne iarrtha ag an Rialtas faoi seo agus an imreoidh daingniú an Chonartha sin tionchar ar an mBille Teanga atá a Roinn a dhréachtú agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [10612/01]