Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 1 May 2001

Vol. 535 No. 1

Written Answers - Aitheantas Scoile.

Brian O'Shea

Question:

678 D'fhiafraigh Mr. O'Shea den Aire Oideachais agus Eolaíochta cad é an scéal cothrom le dáta i dtaobh Mheánscoil Nua San Nioclás, An Rinn, Co. Phort Láirge agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith. [12275/01]

Gheall Coiste Gairmoideachais Chontae Phort Láirge agus a Fhoireann Deartha go mbeadh Céim 4-5, dearadh mionsonraí bille cainníochtaí, críochnaithe acu agus curtha faoi bhráid mo Roinne faoi lár mhí na Bealtaine 2001. Nuair a gheofar an cháipéisíocht scrúdóidh an fhoireann i mo Roinn é agus má bhíonn sé sásúil measfar an cheist maidir le tairiscintí a iarraidh.

Top
Share