Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 15 May 2001

Vol. 536 No. 2

Written Answers - Forálacha don Ghaeltacht.

Dinny McGinley

Question:

336 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Comhshaoil agus Rialtais Áitiúil cén uair a bheidh na treoirlínte agus na forálacha don Ghaeltacht ar fáil agus cén uair a ghlacfar leo mar chuid dhlíthiúil de Bhille Pleanála. [13851/01]

Tá forálacha san Acht Pleanála agus Forbartha, 2000, chun cosaint na Gaeltachta agus ár n-oidhreachta Gaeilge sa phróiseas pleanála a fheabhsú. Tá cuid de na forálacha sin tosaithe cheana féin, go háirithe an dualgas atá ar an údarás pleanála cuspóir a áireamh ina phlean forbartha chun oidhreacht teanga agus cultúrtha na Gaeltachta a chosaint agus chun an Ghaeilge a chur chun cinn mar theanga an phobail áit a bhfuil ceantar Gaeltachta i gceantar an phlean forbartha. Beidh mé in ann, de thoradh an chéad bheart rialacháin eile atá á n-ullmhú i mo Roinn, forálacha an Achta maidir le smacht ar fhorbhairt (na forálacha eile maidir le chosaint na Gaeltachta ina measc) a chur i bhfeidhm. Caithfear ceadú roimh ré ó Thithe an Oireachtais a fháil maidir le cuid de na rialacháin seo agus tá sé i gceist agam dréacht-rialacháin a chur faoi bhráid an Oireachtais faoi cheann míosa. Tá nótaí treoracha i leith gach alt den Acht á bhfoilsiú in éineacht le thosú gach Cuid den Acht. Chomh maith leis sin, tugadh mar thasc do Choimisiún na Gaeltachta scrúdú a dhéanamh maidir leis an gcaoi a dtabharfar feidhm d'fhorálacha an Achta i dtaca le caomhnú teanga agus chultúr na Gaeltachta agus tá an Coimisiún i dteagmháil le mo Roinn ina thaobh sin.

Top
Share