Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 15 May 2001

Vol. 536 No. 2

Written Answers - Íocaíocht Deontasaí.

Dinny McGinley

Question:

376 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an gcuirfidh sí deontas breise ar fáil le hoibreacha deisiúcháin a chríochnú ag Cé Mhucraois (Cill Charthaigh) i nDún na nGall. [13960/01]

Ní miste a rá i dtosach gur íoc mo Roinnse deontas £15,000 san iomlán le Comhairle Contae Dhún na nGall idir 1998-1999 chun oibreacha áirithe feabhsúcháin a chur i gcrích ag na Saoráidí Calaíochta atá luaite ag an Teachta. Anuas ar an deontas sin cheadaigh mo Roinnse deontas de £3,750 anuraidh le cumhacht aibhléise agus soilse a chur ar fáil agus le céimeanna coincréide a thógáil. Tá tráthchuid £3,300 den deontas sin íochta leis an gComhairle Contae go dáta. Níl aon iarrtas ag mo Roinnse faoi láthair maidir le cúnamh breise a chur ar fáil do na Saoráidí Calaíochta seo. Ach iarratas agus tuarascáil a bheith fáighte ó Chomhairle Contae Dhún na nGall, déanfar an cás a mheas tuilleadh.

Top
Share