Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 29 May 2001

Vol. 537 No. 2

Written Answers. - Coimisiún na Gaeltachta.

Eamon Gilmore

Question:

49 D'fhiafraigh Mr. Gilmore den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an mó cruinniú poíblí sa Ghaeltacht a bhí ag Coimisiún na Gaeltachta go dtí seo, conas a d'éirigh leis na cruinnithe céanna; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [15789/01]

Brian O'Shea

Question:

70 D'fhiafraigh Mr. O'Shea den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán cén dul chun cinn atá déanta ag Coimisiún na Gaeltachta; cathain a cheapann sí a bheidh an tuairisc dheireanach ar fáil; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [15791/01]

Tuigim ón gcoimisiún go bhfuil dul chun cinn suntasach déanta aige go dáta ag cur san áireamh go bhfuil na téarmaí tagartha a tugadh dó nuair a bunaíodh é anuraidh an-fhairsing. Go luath tar éis a chéad chruinnithe chuir an coimisiún fógraí amach go poiblí ag lorg aighneachtaí ón bpobal. Mar thoradh air seo fuarthas suas le 130 cáipéis ó dhaoine aonaracha agus ó eagraíochtaí ag cur moltaí agus tuairimí ar aghaidh maidir le gnéithe éagsúla d'obair an choimisiúin. Chomh maith leis sin, eagraíodh 27 gcruinnithe poiblí faoi choimirce an choimisiúin ar fud na Gaeltachta agus sna cathracha taobh amuigh den Ghaeltacht. Rinneadh freastal maith ar na cruinnithe seo agus tháinig go leor moltaí agus tuairimí chun cinn. Faoi lathair tá an coimisiún ag déanamh staidéar ar an réimse leathan eolais atá faighte aige.
Maraon leis seo tá comhairleoirí fostaithe chun téamaí agus saincheisteanna a chíoradh don choimisiún maidir leis na cúramaí a tugadh dó. Tá súil ag an gcoimisiún go mbeidh tuarascálacha faighte ó na comhairleoirí uile roimh dheireadh an tsamhraidh.
Tuigim go bhfuil sprioc ag an gcoimisiún féin tuarascáil agus moltaí a chur faoi bhráid an Rialtais roimh dheireadh na bliana seo.
Top
Share