Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 29 May 2001

Vol. 537 No. 2

Written Answers. - Cursaí Daonáirimh.

Róisín Shortall

Question:

60 D'fhiafraigh Ms Shortall den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an raibh aon agallamh ag oifigigh na Roinne le hoifigigh i Roinn an Taoisigh mar gheall ar cheisteanna ar an nGaeilge sa chéad daonáireamh eile; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [15794/01]

Dírím aird an Teachta ar an bhfreagra a tugadh ar Cheist Uimh. 132 den 14 Samhain 2000.

Ní raibh comhráite ag oifigigh mo Roinnse le hoifigigh i Roinn an Taoisigh i dtaca le ceisteanna faoin nGaeilge sa chéad Daonáireamh eile. Mar is eol don Teachta, is ceist leasaithe faoin nGaeilge a cuireadh i nDaonáireamh 1996 agus is gá go leanfar leis an gceist chéanna sa chéad Daonáireamh eile d'fhonn go mbeidh leanúnachas ann i dtaca le tuiscint a bhaint as na freagraí.

Tá mé sásta go raibh éifeacht agus ciall leis na ceisteanna faoin nGaeilge sa Daonáireamh deireannach.

Top
Share