Cúpla pointe ag éirí as an méid a bhí le rá ag an Teachta Dála. Bhí mé amuigh ar Inis Bó Finne agus tá fhios agam faoi na deacrachtaí atá ar na h-oileáin amach ón gcósta. Is ceist í don chomhairle contae ar dtús báire ach, ag an am chéanna, mar a dúirt mé sa bhfreagra, bhéinn thar a bheith sásta cuidiú leis na Comhairlí Contae dá mbeadh iarratas os mo chomhair.
Ag éirí as an moladh atá déanta agam agus atá curtha agam chuig na comhairlí contae éagsúla, ar dtús báire chun go mbeadh seirbhís ar fáil ar na hoileáin, tá mé ag caint faoi dhá fire alarms i ngach foirgneamh ar na hoileáin.
Aontaím go mór go mbeadh sé níos fearr go mbeadh briogáid dóiteáin ar gach oileáin agus go mbeadh seirbhís ann ach mar a dúirt mé ní ceist í domsa. Mar sin féin tá mé thar a bheith sásta cabhair a thabhairt do na comhairlí contae éagsúla.
Ag éirí as an cheist eile maidir leis na haeir stráice, tá an ceart ag an Teachta go mbeadh na seirbhísí ar fáil do na haeir stráice. Caithfidh mé a fháil amach ar dtús báire cén sórt aeir stráice atá i gceist. B'fhéidir go mbeimid ábalta ceangal a dhéanamh idir Údarás na Gaeltachta agus na haeir stráice chun seirbhís dóiteáin a chur ar fáil ar na hoileáin. Is ceist an-tábhachtach í do shábháilt na n-oileánach ach ag an am chéanna b'fhearr liomsa go mbeadh seirbhís cheart ar fáil ar gach oileán seachas a bheith ag caint ar chúpla punt anseo is ansiúd.
Seo tús atá déanta agam ach tá mé ag fanacht ar mholtaí ó na comhairlí contae. Níl fhios agam an bhfuil siad sásta leanúint ar aghaidh leis an scéim atá beartaithe agam.