Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 29 May 2001

Vol. 537 No. 2

Written Answers. - Bille na Gaeilge.

Proinsias De Rossa

Question:

65 D'fhiafraigh Proinsias De Rossa den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán cathain a fhoilseoidh sí Bille na Gaeilge; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [15793/01]

Scaipeadh dréachtscéim ghinearálta den Bhille Comhionannais um Theangacha Oifigiúla ar na Ranna Stáit i mí Feabhra le haghaidh a gcuid dtuairimí. Tá na tuairimí sin faighte agus tá mionscagadh déanta orthu. Lorgófar cead an Rialtais don dréachtscéim go hanluath. Ach an cead sin a bheith faighte iarrfar ar Oifig na nDréachtóirí Parlaiminte don Rialtas an Bille a dhréachtú mar ábhar práinne.

Táthar ag súil leis go bhfoilseofar an Bille san fhómhar.

Top
Share