Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 16 Oct 2001

Vol. 542 No. 2

Written Answers. - Harbours and Piers.

Dinny McGinley

Question:

427 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an bhfuil aon phleananna ina Roinn le hobair a dhéanamh ar an chéibh ag Teileann i nDún na nGall; cad í an obair atá i gceist; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [24222/01]

Tá céibh Theileann aitheanta ag mo Roinn-se mar cheann de na céibheanna stráitéiseacha atá beartaithe a fhorbairt le linn tréimhse an Phlean Forbartha Náisiúnta 2000-2006. Tuigim go bhfuil comhairleoirí fostaithe ag Comhairle Contae Dhún na nGall chun staidéir féidearthachta a dhéanamh ar an gcéibh. A luaithe agus a bheidh toradh an tstaidéir féidearthachta seo ar fáil déanfar an cás a mheas tuilleadh.

Top
Share