Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 16 Oct 2001

Vol. 542 No. 2

Written Answers. - Postanna Caillte.

Dinny McGinley

Question:

428 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an bhféadfadh sí a chur in iúl cé mhéad post atá caillte i bParáiste Chloich Cheann Fhaola (Fál Carrach agus Gort a' Choirce) i rith na bliana seo; cad iad na comhlachtaí inar cailleadh na postanna agus an bhfuil aon phleananna le tionscail eile a mhealladh isteach sna ceantair sin; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [24223/01]

Dinny McGinley

Question:

430 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán cad iad na tionscail i nDún na nGall ar cailleadh postanna iontu i rith na bliana seo, an uimhir postanna a cailleadh i ngach tionscal; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [24225/01]

Ag tógáil san áireamh an chosúlacht idir an dá cheist atá curtha, ceisteanna 428 agus 430, táthar chun an dá cheist a fhreagairt le chéile mar seo a leanas. Níl aon amhras ach go bhfuil tionchar ag an lagú eacnamaíochta idirnáisiúnta ar fhostaíocht i go leor comhlachtaí ar fud na tíre agus níor éalaigh comhlachtaí i nGaeltacht Dhún na nGall ón lagú eacnamaíochta sin. Tá poiblíocht faighte ag formhór na gcásanna inar cailleadh fostaíocht i gcomhlachtaí agus cásanna eile, ar an drochuair, inar dúnadh comhlachtaí in iomlán. Ba cheart a thuairisciú freisin go bhfuil comhlachtaí áirithe sa chontae ina bhfuil an fhostaíocht méadaithe agus tá dóchas ag an údarás go maolóidh na postanna nua sin an mórthionchar a bhéas ag aon chailliúintí i gceantar Gaeltachta Dhún na nGall don bhliain. Tá an t-údarás, faoi láthair i mbun a shuirbhé iomlán bliantúil ar fhostaíocht iomlán i chuile ghnólucht Gaeltachta agus ní bheidh torthaí an tsuirbhé sin ar fáil go dtí aimsir na Nollag. Ag éirí as na rudaí a tharla le gairid i Meiriceá agus i dtíortha eile, beidh sé ar a laghad an mhí sin sula mbeadh torthaí cruinn ar an suirbhé. Déanann an t-údarás fógra poiblí ag tús gach bliain ar mhéaduithe agus laghduithe sa bhfostaíocht i ngach ceantar Gaeltachta agus beidh an rud céanna á dhéanamh ag tús na bliana seo chugainn. Go dtí sin ní bheadh aon eolas a chuirfeadh an t-údarás ar fáil iomlán agus ní bheadh pictiúr cruinn ar fáil den mhéid atá tar éis tarlú le bliain anuas. Cuirfear an t-eolas atá lorgaithe ag an Teachta chuige a luaithe is a chuirtear le chéile é.
Top
Share