Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 16 Oct 2001

Vol. 542 No. 2

Written Answers. - Scéim na mBóithre Áise.

Dinny McGinley

Question:

429 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán cad iad na bóithre straitéiseacha i nDún na nGall ar ceadaíodh deontais dóibh i mbliana, an méid airgid a ceadaíodh i ngach cás agus an mbeidh aon deontais eile á gceadú roimh dheireadh na bliana. [24224/01]

Tá sonraí faoi na bóithre atá i gceist agus faoin tsuim airgid a ceadaíodh i ngach cás. Tá an soláthar airgid atá ar fáil dom imbliana le bóithre stráitéiseacha sa Ghaeltacht a fheabhsú dáilithe cheana féin. Níl aon phleananna agam faoi láthair deontais eile á cheadú do bhóithre straitéiseacha roimh deireadh na bliana.

Bealach

Tús

Deireadh

Oibreacha

Fad(m)

Costas£

R263-11: Gleann Cholmcille

Acomhal Mín na bhFiann le L1025-3

“Cornadreeshark”

An bóthar le leathnú go 6m, geogrid, 100/150mm de mheascán fliuch láidriú daingnithe, líniú bán agus buí, súile cait, línte

1,700

400,000

R263-10: Droichead na Carraige

Droíchead na Carraige

Droichead na Carraige

Fiosruithe dearaidh agus sumh Dhroichead na Carraige a chríochnú

80,000

R252-17: An Clochán Liath-An Dúchorraidh-Bhaile na Finne

An Dúchorraidh (acomhal R252/R254)

Barr an “Corkscrew”

Dearaidh Bóthar “Corkscrew” agus tógáil a thosnú

100,000

R250-24: Na Gleannta – Baile na Finne

Acomhal le L6363 – 1 ag An Srath Buí

Acomhal le L2593-1 ag Droichead Sealgán

Leahnú roghnach, 100/150mm de mheascán fliuch láidriú daingnithe, cóiriú dromchla, marcanna, comharthaí

2,000

120,000

R250-17: Baile na Finne – Leitir Ceanainn

Acomhal le R252 ag Roth an Mhuilinn

i dtreo Leitir Ceanainn

100mm láidriú DBM, cóiriú dromchla, marcanna comharthaí

1,000

100,000

R252-7: Bealach Féich-Baile na Finne

Brocach

Droichead Gallbhuaile

Leathnú roghnach, 100/150mm de mheascán fliuch láidriú daingnithe, cóiriú dromchla, marcanna, comharthaí

800

100,000

L5002-1: Bóithre Fhánada

An Baile Úr

i dtreo Ceann Fhánada

Leathriú, 100mm DBM de mheascán fliuch láidriú daingnithe, cóiriú dromchla, marcanna comharthaí

2,000

200,000

L1082-1: Bóithre Fhánada

Fana Bholtaigh

Achomhal le L1132-1 ag Cúl Baic

Leathriú roghnach, 100mm DBM de mheascán fliuch láidriú, cóiriú dromchla, marcanna, comharthaí

800

95,000

R248-2: Cé na Dúnaibh

Na Dúnaibh

Pleanáil agus dearadh an bhóthair ó chéibh na Dúnaibh go dtí chúrsa An Atlantaigh “Atlantic Drive”

15,000

Iomlán

1,210,000

Question No. 430 answered with Question No. 428.
Top
Share