Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 8 Nov 2001

Vol. 543 No. 4

Written Answers. - Foclóir Leictreonach Béarla-Gaeilge.

Michael D. Higgins

Question:

20 D'fhiafraigh Mr. M. Higgins den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an bhfuil plean ar bith aici foclóir leictreonach Gaeilge-Béarla a chur ar fáil; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [27163/01]

Eamon Gilmore

Question:

28 D'fhiafraigh Mr. Gilmore den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an bhfuil plean ar bith aici foclóir leictreonach Béarla-Gaeilge a chur ar fáil; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [27160/01]

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 20 agus 28 le chéile.

Tá cúram forbartha na foclóireachta agus na téarmaíochta i measc dhualgais reachtúla Fhoras na Gaeilge. Anuraidh ghlac an Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas le moladh ó Fhoras na Gaeilge go bhfoilseofaí foclóir nua Béarla-Gaeilge. Tá an obair ullmhúcháin ar an tionscadal sin ar siúl faoi láthair. Tuigim ón bhForas go bhfuil sé i gceist go bhfoilseofaí leagan leictreonach agus leagan clóbhuailte don Fhoclóir nua sin. Mar eolas tá leagan leictreonach de mhórfhoclóir Gaeilge Béarla Uí Dhónaill ar fáil agus is féidir leas a bhaint as an leagan sin mar áis Bhéarla-Gaeilge chomh maith.

Is é tionscadal an Fhoclóra Béarla-Gaeilge an chéad mhórthionscal foclóireachta a mbeidh Foras na Gaeilge ina bhun. Táthar ag súil ina dhiaidh sin go mbeidh an foras ag freastal ar éilimh uile an phobail maidir leis an bhfoclóireacht Ghaeilge-Béarla agus Béarla-Gaeilge agus go mbeidh sé ag foilsiú cineálacha éagsúla foclóirí de réir mar is gá.

Is gné an-tábhachtach de shlánú na Gaeilge í an fhoclóireacht agus tá súil agam – i gcomhpháirtíocht leis na húdaráis i dTuaisceart Éireann – gach acmhainn agus is féidir a chur ar fáil don fhoras chun í a fhorbairt mar is cuí.

Top
Share