Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 30 Jan 2002

Vol. 547 No. 1

Written Answers. - Bunú Comhlachta.

Brian O'Shea

Question:

1125 D'fhiafraigh Mr. O'Shea den Aire Oideachais agus Eolaíochta i dtaobh Cheist Pharlaiminteach 12 den 15 Samhain, 2001, cén dul chun cinn atá déanta ó shin; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [1272/02]

I mí na Nollag seo caite, d'fhógair mé bunú na Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta faoi alt 31 den Acht Oidea chais, 1998 chun an t-oideachas trí mheán na Gaeilge agus múineadh agus foghlaim na Gaeilge a chur chun cinn. Tabharfaidh an Chomhairle raon feidhmeanna comhairleacha agus tacaíochta uirthi féin maidir leis an oideachas trí Ghaeilge agus le múineadh na Gaeilge. Orthu sin beidh pleanáil agus comhordú téacsleabhar agus áiseanna foghlama agus forbairt polasaithe chun soláthar oideachais trí mheán na Gaeilge i scoileanna aitheanta i gcoitinne agus i scoileanna sa Ghaeltacht a éascú. Beidh 23 bhall sa Chomhairle agus Breandán Mac Cormaic ó Ghaelscoileanna, atá ceaptha mar Chathaoirleach, san áireamh. Tugtar faisnéis faoi bhallraíocht na Comhairle san aguisín atá ag gabháil leis seo. Tiocfaidh an Chomhairle le chéile go luath chun tús a chur le réamhobair ullmhúcháin agus phleanála.

Tá obair an cheathrair oide atá ceaptha chun ábhair a bheidh oiriúnach do theagasc na Gaeilge i scoileanna Gaeltachta agus i scoileanna lán-Ghaeilge a dhearadh, ag dul ar aghaidh go maith. Tá an obair dréachtaithe maidir le sraith ceachtanna do Naíonáin Shóisearacha beagnach críochnaithe. Tá sé i gceist tosú go luath ar phíolótú agus ar thástáil na gceachtanna sin i roinnt scoileanna Gaeltachta agus i roinnt Gaelscoileanna. Táthar i dteagmháil le saineolaithe teangeolaíochta maidir le leasú na gceachtanna sin lena chinntiú go mbeidh siad ar ardchaighdeán. Tá moltaí á gcur le chéile maidir le hábhar tacaíochta a oirfidh do na ceachtanna.

Aguisín

An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus

Gaelscolaíochta – Ballraíocht

Cathaoirleach

Breandán Mac Cormaic

Gnáthbhaill

Míchéal Mac Aodha

Eagraíocht na Scoileanna

Tomás Ó Céilleachair

Gaeltachta

Máire Ní Fhlatharta

Niamh Ní Mhaoláin

Gaelscoileanna

Fionnuala Ní Chaisil

Jacqueline Ní Fhearghusa

Séamus Mac Aoidh

Ionadaí na múinteoirí Gaeltachta

Dónal Ó hAiniféin

Ionadaí múinteoirí Gaelscoile

Máire Denvir

Ionadaí na dtuismitheoiríGaeltachta

Lorcán Mac Gabhann

Ionadaí tuismitheoirí Ghael-scoileanna

Bríd Uí Luing

Boird Bhainistíochta scoileannaGaeltachta

Séamas Ó Súilleabháin

Boird Bhainistíochta Ghael-scoileanna

Dónal Ó Loingsigh

Cumann Múinteoirí Éireann

Deirbhile Nic Craith

Catherine Fitzpatrick

Cumann na Meánmhúinteoirí,Éire

Maitiú Ó Murchú

Aontas Múinteoirí Éireann

Liam Ó Cuinneagáin

Foras na Gaeilge

Peadar Ó Flatharta

Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge

Tadhg Ó Síocháin

Cigireacht na Roinne

Dónall Ó Conaill

Ainmnitheach an Aire

Tá beirt bhall breise le comhthoghadh ag an gComhairle.

Top
Share