Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 12 Feb 2002

Vol. 548 No. 2

Written Answers. - Deisiúcháin Céanna.

Dinny McGinley

Question:

351 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an bhfuil aon phleananna ag a Roinn le obair dheisiúcháin a dhéanamh ar Ché Inis Oirthir, Dún na nGall; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [4762/02]

Tá mo Roinn tar éis iarraidh ar Chomhairle Chontae Dhún na nGall tuarascáil a réiteach faoi dheisiú na céibhe seo. Beidh an tuarascáil seo réidh go luath de réir mar a thuigim. Ach iarratas ar chúnamh a bheith faighte ó Chomhairle Chondae Dhún na nGall ina leith, d'fhéadfaí í a mheas i gcomhthéacs na n-iarratas eile atá faighte ag mo Roinnse agus an méid airgid atá ar fáil dom le chaitheamh ar chéibheanna Gaeltachta i mbliana.

Top
Share