Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 21 Feb 2002

Vol. 549 No. 2

Written Answers. - Schools Building Projects.

Dinny McGinley

Question:

177 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Oideachais agus Eolaíochta an bhfuil iarratas ina Roinn le haitheantas buan a thabhairt do Ghaelscoil na gCeithre Máistrí, Dún na nGall agus cén uair a dhéanfar an cinneadh. [6200/02]

Bronnadh aitheantas sealadach ar Ghaelscoil na gCeithre Máistrí, Dún na nGall, i mí Meán Fómhair 1999.

De gnáth, bíonn mo Roinn sásta aitheantas buan a bhronnadh ar scoil nuair a léirítear go bhfuil fás suntasach in ann di, nuair a bhítear sásta go bhfuil an scoil á stiúriú de réir rialacha mo Roinne agus go bhfuil cóiríocht sealadach na scoile sásúil.
Fuarthas iarratas i leith aitheantas buan do Ghaelscoil na gCeithre Máistrí i mo Roinn i mí Dheireadh Fómhair 2001. Tá an t-iarratas seo á scrúdú sa rannóg pleanála faoi láthair agus táthar taréis a iarraidh ar an gcigire ceantair tuairisc agus moladh a sholáthar sa chás a luaithe agus is féidir.
Chomh luath is a bhíonn an tuairisc seo ar fáil agus cinneadh déanta maidir leis an iarratas, cuirfear scéala dá réir chuig bord bainistíochta na scoile.
Top
Share