Tabharfaidh mé léargas den rud atá i gceist. Is é mo bharúil gur cheart go mbeadh naíolanna, nó creches Gaeilge, ar fáil sna gaeltachtaí. Tá scéimeanna airgid ann le haghaidh sin cheana ach níl na struchtúir cearta ann le déanamh cinnte go bhfuil siad ar fáil do na gaeltachtaí éagsúla ar fad. Ba cheart go mbeadh naíscolaíocht, bunscolaíocht agus mar sin de, ar fáil sna gaeltachtaí.
An chéad lá eile caithfimid an cruinniú ar fad ag plé leis an ngné sin den obair – cén chaoi a chinnteofar go bhfuil an córas oideachais agus an córas cúraim tré mheán na Gaeilge ar fáil ins na gaeltachtaí ar fad. Beimid ag plé na ceiste sin. Beidh Údarás na Gaeltachta, Foras na Gaeilge agus an Roinn Oideachais agus Eolaíochta páirteach sa choiste agus oibreoimid amach cén chaoi a fheidhmeoimid na mianta sin. I gcuid mhaith cásanna tá na struchtúir leath-ann ach níl siad ag obair go héifeachtach. Tá airgead le fáil tríd an Roinn Dlí agus Cirt, Comhionnanais agus Athchóirithe Dlí agus beimid ag díriú an airgid sin. Bheinn ag súil go bhfeicfear toradh na hoibre sin ar an dtaobh seo den Nollaig.
Beidh rudaí áirithe eile á scrúdú, mar shampla, an gcuinneofar scéim labhairt na Gaeilge nó an gcuirfear scéim nua ina háit? Tá ceist mhór agam-sa, cén mhaith scéim labhairt na Gaeilge do ghasúr cúig bliana d'aois. Déanann tuismitheoir cinneadh, go mórmhór máthair, nuair a beirtear páiste cén teanga a labhartar.
Tógfaimid é píosa ar phíosa agus déanfaimid cinnidh mar sin. Réiteoimid plean gníomhaíochta agus gabhfaimid ar aghaidh. Tógfaimid an chéad rud eile ag an gcéad cruinniú eile ar an gclár agus déanfaimid rud faoi, clubanna óige agus rudaí seo ar fad. Déanfaimid cinnidh de réir mar a thiocfaidh rudaí ar an gclár, seachas fanacht go dtí go mbeidh gach rud pléite chun rud ar bith a dhéanamh.