Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 19 Nov 2002

Vol. 557 No. 4

Written Answers. - Scéimeanna Feabhsúcháin Ghaeltachta.

Brian O'Shea

Question:

472 D'fhiafraigh Mr. O'Shea den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an bhfuil sé ar intinn aige airgead a cheadú chun coisiú a dhéanamh ar bhóithre straitéiseacha, bóithre áise agus céibheanna beaga agus le haghaidh athnuachána baile i nGaeltacht na Rinne agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith. [22240/02]

Tuigim gur mhaith leis an Teachta eolas a fháil faoin chúis nár ceadaíodh airgead breise do Chomhairle Chondae Phort Láirge le deanaí nuair a ceadaíodh cúnamh do chomhairlí eile faoi scéimeanna feabhsúcháin Ghaeltachta. Tá curtha in iúl ag Comhairle Chondae Phort Láirge don Roinn nach bhfuil ar a chumas oibreacha breise a dhéanamh roimh dheireadh na bliana.

Top
Share